top of page

Ionduchtú Bliain 8/Year 8 Induction

Tús maith leath na hoibre – ionduchtúchán Bhliain 8

Le blianta beaga anuas tá an t-aistriú scoile ó R7 go Bliain 8 ina thosaíocht againn, ó thaobh tréadchúraim agus ó thaobh na foghlama de.  Is é an sprioc go mbeidh an t-aistriú scoile chomh héifeachtach agus chomh spreagúil agus is féidir, ag soláthar foghlama ar ardchaighdeán le daltaí atá sona sásta.  Is aidhm linn tacú le tuismitheoirí agus daltaí fríd an phróiseas seo.

 

Mar chuid den phróiseas, déanfaidh muid:

  • Cuairteanna ar achan bhunscoil chun aithne a chur ar na daltaí agus ar mhúinteoirí Rang a 7

  • Lá iomlán a chur ar fáil do dhaltaí Rang a 7 i mí na Nollag chun blas den choláiste a fháil, gníomhaíochtaí a dhéanamh, bualadh le foireann na scoile agus le daltaí eile a bheas ag aistriú leo

  • Tráthnóna ionduchtúcháin le daltaí agus tuismitheoirí a bheidh ag aistriú i mí Mheithimh chun eolas tábhachtach a sholáthar agus chun bualadh le foireann tréadchúraim Bl.8

  • Cúrsa ionduchtúcháin 2 lá i mí Lúnasa do dhaltaí úra roimh thús an téarma

  • Deis a thabhairt sa dara téarma chun bualadh le múinteoir foirme agus ceannaire bliana do mhac/d’iníon faoin phróiseas aistrithe

  • Tuairiscí a sholáthar dhá uair sa bhliain ar dhul chun cinn do pháiste

  • Cruinniú tuismitheora a dhéanamh i ndiaidh na Nollag faoin dul chun cinn in achan ábhar

  • Imeachtaí a eagrú fríd an bhliain a bhaineann le:

-frith-thromaíocht agus sábháilteacht ar líne

-sábháilteacht bóthair

-bronnadh na nduaiseanna agus ceiliúradh

-duaiseanna agus turais mar chuid de Scéim na dTithe (córas moltaí)

-turas Gaeltachta

-clubanna scoile:

  • Eiceascoileanna

  • Spórt agus folláineacht

  • Leabharlann; club leabhair agus scríbhneoireacht chruthaitheach

  • STEM; Lego

  • Ceol agus Drámaíocht

Cuireann tús sona ar an iar-bhunscolaíocht go mór le rath an pháiste sna blianta atá le teacht.  Is í sin an aidhm atá againne.  Is mór linn do chuid rannpháirtíochta.

Rear Buildings 30.jpg
A great start is half the work … Year 8 induction

For several years we have prioritised the transition of pupils from P7 to Year 8, both pastorally and in terms of learning.  Our aim is to make transition as effective and as motivating as possible, keeping both learning and the happiness factor high.  We aim to support both parents and pupils through this process. As part of the transition programme, we will:

 

  • Visit our Bunscoileanna in order to meet our transferring pupils and the Rang a 7 teacher

  • Provide a day in December in which pupils will get a taste of the college, participate in activities, meet the staff and other pupils transferring with them

  • Hold an induction meeting in June in which parents and pupils can meet with the Year 8 pastoral team to receive key information and advice

  • Run a two-day induction course in August for new pupils before the start of term

  • Offer the opportunity to attend a Transition/Review morning with your son/daughter’s Form Teacher and Head of Year in Term 2

  • Provide two annual reports on your son/daughter’s progress

  • Provide the opportunity to attend a Parents’ Meeting on your child’s progress in every subject

  • Organise events throughout the year such as:

-antibullying and online safety

-road safety

-prize giving and celebrations

-Gaeltacht trip

-prizes and trips for Scéim na dTithe (merit system)

-school clubs:

  • Ecoschools

  • Sport and well-being

  • Library; book club and creative writing club

  • STEM; Lego

  • Music and Drama

 

A happy start to their post-primary education provides a powerful stepping stone to success in later years.  This is our aim in Year 8.  We value your input.

bottom of page