top of page

Fógra Poist

Is é an t-aon iarbhunscoil lánGhaeilge i mBéal Feirste é Coláiste Feirste. Is scoil chuimsitheach í a fhreastalaíonn ar riachtanais gach ábaltachta. Tá sé tiomanta don tsíorfhorbairt agus don tsíorfheabhsú agus bíonn deiseanna maithe don fhorbairt ghairme ann.


Tá Coláiste Feirste ag lorg múinteoirí láncháilithe leis na hábhair seo a leanas a theagasc trí mheán na Gaeilge:

Riachtanach:

· múinteoir cáilithe, aitheanta ag GTCNI faoi Mheán Fómhair 2021

· ardchaighdeán Gaeilge

· céim san ábhar nó staidéar mar chuid de chéim (B.Oid. san áireamh)


4 x Post bliana agus féidearthacht le conradh buan amach anseo


1. Eolaíocht

2. Eolaíocht

3. Stair (sainábhar teagaisc eile inmhianaithe)

4. Ábhair ghinearálta (céim in ábhar teagaisc ag GCSE)

5. Ceol (riachtanach: cáilíocht sa Cheol: Grád 8 nó a chomh-ionann)


Tréimhse mháithreachais le toiseacht 1 Meán Fómhair 2021

6. Mata (tréimhse mháithreachais)

7. RSO (tréimhse mháithreachais)


Is féidir go gceapfaidh an Painéal gearrliosta d’fholúntais a tharlóidh taobh istigh de 6 mhí.


Ceapfar múinteoirí atá cumasach agus díograiseach agus a chuirfidh le fís agus éiteas Gaelach an Choláiste trí sheachadadh éifeachtach an churaclaim agus trí pháirt ghníomhach a imirt in imeachtaí seach-churaclaim.


Le tuilleadh eolais agus foirmeacha iarratais a fháil, glaoitear ar:-


Coláiste Feirste

Guthán 028 90320707


nó is féidir foirm a iarraidh ar sheoladh ríomhphoist:-

nó a íoslódail ón tsuíomh idirlín: www.colaistefeirste.org


Caithfidh foirmeacha iarratais bheith ar ais ag an Choláiste trí ríomhphost chuig info@colaistefeirste.belfast.ni.sch.uk roimh:

mheánlae Dé Céadaoin 28 Aibreán 2021



Is fostóir comhdheiseanna Coláiste Feirste

Coláiste Feirste

Teach Ard na bhFeá

7 Páirc Radharc na bhFeá

Béal Feirste BT12 7PY

Fón: 028 90320707



Fógra poist Aibreán 2021
.pdf
Download PDF • 131KB

bottom of page